INTERNATIONAL DELIVERY AVAILABLE - BESPOKE DESIGNS ON REQUEST - SEE BLOG FOR DISCOUNTS

SEOLADH SMIGSMIG / SMIGSMIG LAUNCH


[English follows]

Tháinig smigsmig amach don chéad lá le seastán dátheangach dathanach i lár mhí Iúil ag Féile SOMA.  Lá ar dóigh a bhí ann i gCaisleán Uidhlinn i gContae an Dúin.  Bhí an baile faoi lán cheoil agus an ghrian ag soilsiú go geal sa spéir - na cúinsí cearta gnó do chomhlacht t-léinte.

Tá mé ag déanamh go mbíonn gach duine measartha neirbhíseach ar an chéad lá amuigh lena ghnólacht nua.  Bhí mé ach bhí mé ar bís fosta.  

Ba í an tréimhse is faide le bheith scartha ó na cailíní ó saolaíodh iad seacht mí ó shin.  Mar is gnách, ní raibh mórán codlata againn an oíche roimh ré.  Bhí fiacla na leanaí ag teacht, bhí mé á mbaint den chíoch agus ní fada iad a bheith istigh ina seomra beag féin.  Leis sin ar fad, ní raibh mórán deise agam codladh.  

Ach ba chuma, bhí na t-léinte sa charr agam ón oíche roimhré agus nuair a bhí na cailíní gléasta agam agus bricfeasta acu, bhí mé réidh leis an bhóthar a bhuaileadh.

Ba deas an rud é aischothú a fháil ó dhaoine nach raibh aithne agam orthu.  Tháinig daoine a fhad leis an seastán agus phléasc siad amach ag gáire nuair a léigh siad cuid de na manaí.  Bheadh ar chuid eile an míniú beag a bhí scríofa i mBéarla ar na lipéid a léamh sula chonaic siad an greann.

Thaitin na dearaí "Fleadhed Out" go mór le daoine, chomh maith leis an t-léine "Ní seó ceart é gan bhainseó" agus bhí go leor acu ag baint sult as an t-léinte le "Slán a Bhalla" scríofa air agus uachtarán clúiteach na Stát Aontaithe le feiceáil taobh thiar de bhalla beag.  

Bhí mé gnóthach an lá sin agus an lá dár gcionn.  Chonaic mé daoine ó phobal áitiúil na Gaeilge nach bhfaca mé ó bhí mé ag obair agus b'aoibheann liom daoine a fheiceáil ag caitheamh mo chuid t-léinte le bród.

I measc na gceoltóirí a bhí ar an ardán, bhí The Ollam, grúpa ceoil clúiteach iontach.  Bhí John McSherry agus na leaid an-tógtha leis an léinte agus an-sásta iad a chaitheamh thart timpeall na háite.  

“Dá thairbhe go mbímidinne fleadh-ed outfleadh-ed to the mat an chuid is mó den am, foireann na manaí seo go maith dúinne!” a dúirt John McSherry, “Tá na dearaí féin iontach cliste, tugann na t-léinte smigsmig deis iontach do na Gaeil a gcuid féiniúlachta a léiriú le bród.”

Spreagadh iontach a bhí ann domhsa agus ansin nuair a tháinig m'fhear céile leis na leanaí, bhí mé iontach sásta an lá speisialta a roinnt leo. D'fhan siad ar feadh píosa go dtí go raibh an seastán iontach gnóthach ach sílim gur mheall siad daoine i dtreo na léinte fosta!

Tús maith leath na hoibre!  Bhí mé ar ais i gCaisleán Uidhlinn d'Fhleadh Uladh an Domhnach dár gcionn agus an-ghnóthach arís, go háirithe leis na t-léinte le dearaí uirlisí orthu ar ndóigh.  

Céim ar céim tá mo ghnólacht ag fás agus ag forbairt.  Idir an dá linn is máthair mé ar dtús ach máthair ghnóthach atá ag iarraidh comhlacht teaghlaigh a fhorbairt dá clann.


Leave a comment


Please note, comments must be approved before they are published