INTERNATIONAL DELIVERY AVAILABLE - BESPOKE DESIGNS ON REQUEST - SEE BLOG FOR DISCOUNTS

Blag dátheangach / Bilingual blog RSS



SEOLADH SMIGSMIG / SMIGSMIG LAUNCH

[English follows] Tháinig smigsmig amach don chéad lá le seastán dátheangach dathanach i lár mhí Iúil ag Féile SOMA.  Lá ar dóigh a bhí ann i gCaisleán Uidhlinn i gContae an Dúin.  Bhí an baile faoi lán cheoil agus an ghrian ag soilsiú go geal sa spéir - na cúinsí cearta gnó do chomhlacht t-léinte. Tá mé ag déanamh go mbíonn gach duine measartha neirbhíseach ar an chéad lá amuigh lena ghnólacht nua.  Bhí mé ach bhí mé ar bís fosta.   Ba í an tréimhse is faide le bheith scartha ó na cailíní ó saolaíodh iad seacht mí ó shin.  Mar is gnách, ní raibh mórán codlata againn an oíche roimh ré.  Bhí fiacla na leanaí ag teacht, bhí mé á...

Continue reading




CÓISIR TEE / TEE-PARTY

[English follows] Lá breá te sa samhradh a bhí ann ag tús mhí Iúil, agus ní minic a chluintear na focail sin le chéile in Éirinn.  Tháinig daoine agus t-léinte le chéile chun beocht a chur i smigsmig.   Is breá liom meangadh gáire a chur ar aghaidheanna daoine le himeartas focal, agus taitníonn sé go mór liom dearaí úrnua a chruthú a dhéanann é sin go díreach, tá súil agam. Bhí gach duine lán le spraoí agus ceol agus muid ag glacadh grianghraf de na t-léinte gléineacha galánta.  Bhain muid sult as an lá, mo bheirt iníon san áireamh.  Ag sé mhí d'aois, ní mainicíní smigsmig go fóill iad ach tá siad ag fás go gasta! ___________________________________________________________________ It was a hot and sunny...

Continue reading